1 Samuel 13:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ A nuáir do chonncadar fir Israel go rabhadar a gcumhgach (óir do bhádar na dáoine a néigion), ansin dfolchadar an pobal íad féin a nuamhuibh, agus a bhfíodhbhuibh, agus a gcairrgibh, agus a náitibh árda, agus a cclasachaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha.