1 Samuel 14:15 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do bhí coimhchrith annsa tsluaigh, annsa machaire, agus ar fud na ndaóine uile: an gárda, agus na creachadóirigh, do bhí critheagla orrasan mar an gcéadna, agus do chriothnuigh an talumh: ionnus go raibh na chriothnughadh ro mhór.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.