1 Samuel 14:45 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhradar an pobal re Saul, An bhfuighe Ionatan bás, noch do oibrigh an tártháil mhórso ann Israel? Nar léigidh Día: mar mhaireas an TIGHEARNA, ní rachaidh ruibe do ghruáig a chinn chum talmhan; óir do oibrigh sé le Día a niugh. Mar sin do bheanadar an pobal Ionatan amach, nach ar cuireadh chum báis é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt an pobal le Sól: «An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo d' Iosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.» Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é.