1 Samuel 16:1 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Samuel, Gá fad bhías tú ag dó bhrón tre Shaul, ó chuir misi ar gcúl é ó bheith na rígh ós cionn Israel? líon hadharc dola, agus imthigh, cuirfidh misi thú chum Iesse an Betlehemíteach: do thogh mé rígh dhamh féin a measc a mhac.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt an Tiarna le Samúéil: «Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d' adharc d' ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.»