1 Samuel 16:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do fhreagair aon do na serbhíseachaibh, agus a dubháirt, Féuch, do chonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteach, noch atá eólach a seinm, agus na dhuine ro láidir ghaisgeamhuil, agus na fhear cogaidh, agus glic a ccúisibh, agus na fhear sgíamhach, agus atá an TIGHEARNA maille rís.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair ógánach díobh: «Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.»