1 Samuel 17:40 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghlac sé a bhata iona láimh, agus do thogh dhó féin cúig clocha bláithe as a nabhuinn, agus do chuir íad a mála áodhaire noch do bhí aige, eadhon a ttiáich; agus do bhí a chrann tábhuill na láimh: agus do ghluáis mar a raibh an Philistíneach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rug sé greim ar a bhachall dá bhrí sin, thogh cúig clocha sleamhna as leaba an tsrutháin agus chuir chuige ina mhála nó ina sparán aoire iad; d' imigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige.