1 Samuel 18:6 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus tárla mar do thangadar, a nuáir, do fhill Daibhi ó mharbhadh an Philistinigh, go ttangadar na mná amach as uile chaithreachaibh Israel, ag seinm agus ag damhsa, a ccoinne an rígh Saul, re tiompánuibh, re gaírdeachus, agus re hadhbhaghuibh ceóil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí siad ar an mbealach abhaile agus Dáiví ag filleadh tar éis dó an Filistíneach a mharú, tháinig na mná amach as cathracha Iosrael go léir in airicis an rí, Sól, iad ag canadh agus ag rince agus ag seinm tiompán, agus gléasanna ceoil agus ag tógáil gártha áthais.