1 Samuel 19:4 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do labhair Ionatan go maith ar Dháibhi re na athair, agus á dabhairt ris, Ná peacuigheadh an rígh a naghaidh a shearbhfhoghantuighe, a naghaidh Dháibhi; do bhrígh nach ndéarna seison coir ad aghaidhsi, agus do bhrígh gur ro mhaith do bhadar a oibreacha ar do shon:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mhol Iónátán Dáiví dá athair, Sól, dá bhrí sin agus dúirt leis: «Ná déanadh an rí peaca in aghaidh a shearbhónta, Dáiví, mar ní dhearna seisean peaca i d' aghaidh, agus gach a ndearna sé, chuaigh sé go mór i dtairbhe duitse.