1 Samuel 20:21 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, féuch, cuirfe mé búachaill, gha rádh, Eirigh, fagh na saighde. Má deirim go soilleír ris an mbuachaill, Féuch, atáid na saighde don táobhso dhíot, gabh íad; annsin tarr thusa: óir biáidh síothcháin duit, agus ní bhía dochar ar bith; mar mhaireas an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin cuirfidh mé mo ghiolla uaim á rá: 'Téigh agus faigh na saigheada.' Má deirim leis an ngiolla: 'Féach! tá na saigheada ar an taobh seo duit, beir leat iad,' ansin ní miste duit teacht, mar beidh sé sábháilte agat agus ní bheidh aon chúis eagla agat dar an Tiarna beo.