1 Samuel 20:42 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Ionatan re Dáibhi, Imthigh a síothchain, do bhrígh go ttug gach nduine aguinne aráon a mhionna a nainm an TIGHEARNA, gha rádh, Biodh an TIGHEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo shliochdsa agus do shliochtsa go bráth. Agus déirigh seision agus dimthigh sé: agus do chuaidh Ionatan don chathruigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
42 Dúirt Iónátán ansin le Dáiví: «Imigh faoi shíocháin. Maidir leis an mionn a mhionnaigh an bheirt againn in ainm an Tiarna, go raibh an Tiarna ina fhinné idir thusa agus mise, idir do shliochtsa agus mo shliochtsa go brach.» 43 D' éirigh [Dáiví] ina sheasamh ansin agus d' imigh sé leis, agus d' fhill Iónátán ar an gcathair.