1 Samuel 21:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Dáibhi re Hachimelech an sagart, Do aithin an rígh gnothuigh dhíom, agus a dubhairt sé riom, Ná bíodh fios éainnithe don nadhbhar fá bhfuilim dot chur, agus aithnighim dhíot na biódh a fhios ag éanduine: agus do chuir mé mo shearbhfhoghantuighe don náitse, agus don náit úd óile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Dáiví Aichímeilic sagart: «Thug an rí ordú dom agus dúirt liom: 'Ná bíodh aon eolas ag aon duine faoin ngnó ar a bhfuilim do do chur, ná faoin ordú atáim a thabhairt duit.' Maidir le mo shaighdiúirí, tá coinne déanta agam leo ina leithéid seo d' áit.