1 Samuel 22:13 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Saul ris, Cred far thionnsguinn tusa feall am aghaidhsi, thú féin agus mac Iesse, do reír mar thug tú arán dó, agus cloidheamh, agus gur fhíofruigh tú do Dhía air a shon, ionnus go néireochadh sé am aghaidhsi, agus go mbíadh ag oirchill orum, mar atá a niugh?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt Sól leis: «Cén fáth a ndearna sibh comhcheilg i m' aghaidh, thú féin agus mac Ieise, ag tabhairt aráin agus claímh dó, agus ag iarraidh comhairle Dé dó, i slí is go ndéanfadh sé ceannairc i m' aghaidh agus a bheith ag faire na faille orm, rud atá anois?»