1 Samuel 22:17 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus a dubhairt an rígh ris na coisighibh do bhí gácha taoibh dhe na seasamh, Fillfidh, agus marbhuidh sagairt an TIGHEARNA; do chionn go bhfuil a lámhsan fós lé Dáibhí, agus do chionn go raibh a fhios aca a núair do theith sé, agus nar fhoillsigheadar dhamhsa é. Ach níor bháill lé muinntir an rígh an lámh do shíneadh ar shagartaibh an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt an rí leis an díorma garda a bhí ína seasamh ina thimpeall: «Ar aghaidh libh agus cuirigí sagairt an Tiarna chun báis, mar gur thug siadsan freisin lámh chúnta do Dháiví; bhí a fhios acu go raibh sé ar teitheadh ach níor insíodar dom é.» Ach níorbh áil le searbhóntaí an rí lámh dhearg a imirt ar shagairt an Tiarna.