1 Samuel 24:11 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Os a chionn sin, a athair, féuch, féuch fós, sciorta do róba am láimh: óir as so gur ghearr mé iachtar do róba, agus nar mharbh mé thú féin, aithin agus féuch nach bhfuil olc nó urchóid am láimh, agus nar chiontuigh mé ad aghaidhsi; achd atá tusa ag fíadhach ar manumsa chum a ghabhála.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
12 Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t-íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d' aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú.