1 Samuel 25:2 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do bhí duine a Maon, ga raibh a mháoin a Gcarmel; agus do bhí an duine ro mhór, agus do bhádar trí mhíle cáora aige, agus míle gabhar: agus do bhí ag bearradh a cháorach a Gcarmel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tharla go raibh fear i Máón a raibh a ghnó i gCairmeil. Bhí sé an-saibhir; bhí trí mhíle caora aige agus míle gabhar. Bhí sé ag bearradh a chuid caorach i gCairmeil.