1 Samuel 26:19 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Anois ar a nadhbharsin, guidhim thú, éisdeadh mo thighearna an rígh briáthra a shearbhfhoghantuigh. Mas é an TIGHEARNA do chorruigh súas am aghaidhsi thú, glacadh sé ofráil chuige: achd mas íad clanna na ndáoine, go madh malluigh íad a lathair an TIGHEARNA; oir do dhíbreadar misi amach aniugh ó fhanmhuin a noighreachd an TIGHEARNA, ghá rádh, Eirigh, adhair deé oile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: 'Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.'