1 Samuel 28:14 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt seision ría; Cred is foirm dhó? Agus a dubhairt sisi, Atá seanduine ag teachd a níos; agus falluing uime. Agus do aithin Saul gur bé Samuel é, agus do chrom sé le na aghaidh chum na talmhan, agus do chláon é féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cén dealramh atá air?» ar sé léi. «Seanfhear atá ag teacht aníos agus brat timpeall air.» Ansin bhí a fhios ag Sól gurbh é Samúéil a bhí ag teacht agus chrom sé chun na talún agus d' umhlaigh dó.