1 Samuel 29:6 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Ann sin do ghoir Achis Dáibhi chuige, agus a dubhairt ris, Go dearbhtha, mar mhairios an TIGHEARNA, do bhí tú díreach, agus is maith ann mo radharcsa do dhul amach agus do theachd a steach am fhochairsi ann sa tslúagh: óir ní bhfúair mé olc ionnad ón ló fá ttáinic tú chugam gus a niugh: gidheadh ni bhfuil fabhar ag na teighearnuibh dhuit.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir Áicís fios ar Dháiví agus dúirt sé leis: «Dar an Tiarna beo, bhí tú dílis, agus, dar liomsa, níl ann ach an ceart thú a dhul in éineacht liom ar an slógadh, mar nach bhfuair mé aon locht ort ón lá a ghabh tú liom go dtí inniu féin. Ach níl na taoisigh sásta leat.