1 Samuel 29:9 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhreagair Achis agus a dubhairt re Dáibhi, Atá a fhios agamsa go bhfuil tú go maith am radharc, amhuil aingeal Dé: gidheadh a dubhradar prionnsuídhe na Bhphilistineach, Ní rachaidh sé linne súas chum an chatha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Áicís agus dúirt le Dáiví: «Tá a fhios agam, ar ndóigh, go bhfuil tú chomh glan ó mhilleán le haingeal ó Dhia i mo shúilese; ach dúirt taoisigh na bhFilistíneach: 'Ná téadh sé amach linn chun catha.'