1 Samuel 3:8 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghoir an TIGHEARNA Samuél a rís an treas uáir. Agus do éirigh seision agus do chuaídh go Héli, agus a dubhairt, Atáim annso; óir do ghoir tú orm. Agus do thuig Eli gur bhé an TIGHEARNA do ghoir an leanamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D' éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: «Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.» Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr.