1 Samuel 31:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An sin a dubhaírt Saul re fear iomchartha a airm, Tarruing do chloidheamh, agus saith thríomsa é; deagla go dtiucfadh an drong neímhthimchillghéarrthasa agus go muirtidís mé, agus go ndéanaidís sgige fúm. Ach níor bháill le fear iomchartha a airm; óir do bhí sé lán deagla. Uimesin do ghlac Saul cloidheamh, agus do thuit sé air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: «Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh orm agus go sáfaidís mé agus go mbeidís ag fonóid fúm.» Ach bhí an-eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh féin dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.