1 Samuel 31:7 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus a nuair do chonncadar clanna Israel noch do bhí don táoibh oile don ghleann, agus drong do bhí táobh thall do Iordan, gur theitheadar fir Israel, agus gur eúg Saul agus a mhic, do threigeadar na caithreacha, agus do theitheadar; agus tangadar na Philistinígh agus do aitreabhadar ionta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic na hIosraelaigh a bhí ar an taobh eile den ghleann (agus iad siúd a bhí taobh thall den Iordáin) gur theith saighdiúirí Iosrael agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d' fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus chuireadar fúthu iontu.