1 Samuel 4:19 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do bhí bean a mhic, bean Phinehas, torrach, agus a bhfogas do leanamh bhreith: agus a núair do chúaluidh sí na scéula gur gabhadh airc Dé, agus go bhfuáir athair a fir bás agus a fear féin, do chlaon si í féin agus do bhí ag tuismeadh; óir tháinic a teinneas leinibh uirre.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí bean a mhic, Píneachás, ag iompar clainne agus a hionú ag druidim léi. Nuair a chuala sí gur gabhadh áirc Dé agus go raibh athair a céile agus a céile féin araon marbh, luigh sí síos agus lámhnaigh mar gur tháinig tinneas linbh uirthi.