1 Samuel 6:19 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do mharbh sé muinntír Bhetsemes, do chionn gur fhéachadar a steach ann airc an TIGHEARNA, eadhon do mharbh sé dá muinntir caógad míle agus deichneamhar air trí fithchid: agus do cháoineadar an pobal, do chionn gur bhúail an TIGHEARNA an pobal ré hár mór.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mharaigh sé cuid de mhuintir Bhéit Seimis mar gur fhéachadar isteach in áirc an Tiarna; mharaigh sé deichniúr agus trí fichid díobh. Rinne an pobal olagón mar gur bhuail an Tiarna chomh dian iad.