1 Samuel 7:10 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus mar do bhí Samuel ag íodhbairt na hofrála loisge, thangadar na Philistinigh a gcomhfhogus do chathnghadh a naghaidh Israel: achd do thóirnigh an TIGHEARNA an lásin le tóirnigh mhóir ar na Philistinibh, agus do chláoidh íad; agus do mharbh íad as coinne Israel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí Samúéil ag ofráil na híobartha dóite, dhruid na Filistínigh ina n-aice chun catha a chur ar Iosrael, ach rinne an Tiarna tréanghlór toirní an lá sin ar na Filistínigh agus chuir sceimhle orthu, agus theitheadar roimh Iosrael.