1 Thessalonians 1:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus chum fuireach ré na Mhac ó neamh, noch do thóg sé súas ó mharbhuibh, eadhon Iósa, sháorus sinne ón bhfearg atá chum teachda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus chum bheith ag feitheamh le teacht a Mhic ó neamh, an té do thóg sé ó na marbhaibh, Íosa fhuasclas ó’n díbheirg atá le teacht sinn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus le bheith ag fuireach lena Mhac a theacht anuas ó neamh, an tÍosa sin a thóg sé ó mhairbh a fhuas-claíos sinn ón bhfearg atá le teacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis –an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.