1 Thessalonians 1:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gan sgur dá bheith ag coimhniughadh bhur nobair creidimh, agus sáothar carrthannachda, agus foíghide bhur mhuinighne ann ar Dtíghearna Iósa Críosd, a bfíadhnuisi Dé éadhon ar Nathair:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ag síor‐chuimhneamh ar bhur ngníomharthaibh creidimh, agus ar bhur saothar carthannachta, agus ar bhur ndóchas foidhneach as ár dTighearna Íosa Críost, i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ag cur i gcuimhne i láthair Dé ár nAthair go bhfuil sibh ag cur le bhur gcreideamh le gníomhartha grá, agus dóchas daingean agaibh as ár dTiarna Íosa Críost.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.