1 Thessalonians 1:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do clós fuáim bhréithre an Tíghearna uáibhse amach, ní hé amháin a Macedónia agus a Nachaía, achd do leathnuidh bhur gcreideamh a Ndía sa nuile áit mar an gcéudna; ionnas nach bhfuil na ríachdanas oruinne éinní labhairt.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is uaibh‐se do leath briathar an Tighearna go glórach, ní h‐é amháin san Maiceadóin agus i nAcháia, acht is amhlaidh do leathnuigh clú bhur gcreidimh i nDia i ngach áit; ar mhodh nach gábhadh dhúinne labhairt ’n‐a thaobh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar ní hé amháin gur fógraíodh briathar Dé os ard uaibh sa Mhacadóin agus in Acáia, ach níl aon áit nach bhfuair scéala faoi bhur gcreideamh i nDia, ionas nach bhfuil feidhm orainn aon fhocal a rá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar is uaibhse amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar is uaibh-se amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus san Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi.