1 Thessalonians 1:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír foillsighid féin oruinn, cionnas do chúadhmar a steach chuguibhse, agus an gléus air ar fhill sibhsé ó íodhaluibh chum Dé chum seirbhíse do dhéunamh don Día bhéo fhírinneach;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir do‐bheir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaobh, cionnas mar chuadhamar isteach chugaibh; agus cionnas mar thionntuigheabhar ó íodhalaibh chum seirbhís do dhéanamh do’n Dia beo, fíor,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tugann siad féin tuairisc fúinn faoin bhfáilte a fuaireamar uaibh, agus conas a dʼiompaigh sibh ó íola, le seirbhís a dhéanamh don fhíor-Dhia beo,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíor-Dhia beo