1 Thessalonians 2:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As fiadhnuisighe sibhse, agus Día créd é a náomhtha, agus a chómhthruime agus a neamhlochduíghe do iomchramar sinn féin eadruibhse an drung chreideas:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is fiadhnaidhthe sibh‐se, agus is fiadhnaidhe Dia, leis, ar a naomhthacht, agus ar a ionnraice, agus ar a neamh‐lochtaighe d’iomcharamar sinn féin ’n‐bhur dtaobh‐na chreideas:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíodh a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia freisin, cad é chomh naofa ceart neamhpheacúil agus a bhíomar libh a bhfuil creideamh agaibh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libh-se, a bhfuil an creideamh agaibh.