1 Thessalonians 2:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag toirmeasg oruinne labhairt ris na Cineadhachuibh chum a slánuighthe, chum bheith dhóibh ag sirlíonadh a bpeacuighibh: óir táinic a nfearg orrtha go síorruidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
’g‐ár gcosc ar labhairt leis na Cineadhachaibh chum iad do shlánú; ag méadú a bpeacaidhe de shíor; acht atá dhíbheirg tagtha go h‐iomlán ortha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ag cur toirmisc orainne faoi labhairt leis na Gintlithe ionas go slánófaí iad—de gheall ar mhaol a chur ar a bpeacaí. Ach is amhlaidh atá fearg Dé tar éis titim anuas orthu faoi dheireadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d' fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar go bhfuil siad ag cur baic orainne labhairt leis na gintlithe dʼfhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur bairr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.