1 Thessalonians 3:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharso, ó nár bhféidír leamsa congmháil oram ní budh fhaide, do chuir mé eision chuguibh chum feasa bhur gcreidimh dfagháil, deagla gur chuir an cathuigheóir cathughadh oruibh a gcás ar bith, agus go mbíadh ar sáothairne díomhaóin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, nuair nárbh fhéidir liom foidhneamh níb’ fhaide, d’iarras faisnéis d’fhágháil i dtaobh bhur gcreidimh, ar eagla, ar chor ar bith, go mbéadh cathú curtha ag an gcathuightheoir oraibh, agus go mbéadh ár saothar i n‐aisce.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é sin an chúis a bhi liom, nuair nach raibh acmhainn agam air nios faide, le teachtaireacht a chur uaim faoi thuairisc bhur gcreidimh, ar eagla go mbeadh cathú curtha oraibh ag an gcathaitheoir agus go mbeadh ár saothar in aisce orainn.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur tuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur thuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.