1 Thessalonians 3:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a nois go déigheanach ar dteachd do Thimotéus uáibhse chuguinne, agus ar dtábhairt dhéaghtheisde ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrádh dhúinn dó, agus go bhfuil déaghchoimhne aguibh oruinn, ar mbeith dhibh do shíor fonnmhar ar sinne dfaicsin, amhuil atámuidne fós ribhse:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht nuair tháinig Timóteus uaibh anois díreach chugainn, agus thug sé deagh‐scéala dhúinn i dtaobh bhur gcreidimh agus i dtaobh bhur ngrádha, g‐á rádh go mbíonn sibh i gcómhnaidhe ag cuimhneamh orainn, ag tnúth le n‐ár bhfeicsin, mar táimíd féin ag tnúth leis, chómh maith:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach anois gur fhill Timótéus orainn uaibh, agus go bhfuil scéal maith leis i dtaobh bhur gcreidimh agus bhur ngrá agus é á rá linn go mbíonn dea-chuimhne agaibh orainn agus go bhfuil an dúil agaibh a bhíos againne le hamharc a fháil ar a chéile arís—
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. D' inis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libhse.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. Dʼinis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libh-se.