1 Thessalonians 4:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fós do níthí an ní céudna do na huile dhearbhraíthribh ar feadh na Macedónia uile: gidheadh íarrmuid dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, teachd ar bhur nághuidh ní sa mhó na chéile;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus go deimhin, is é sin an rud atá d’á dhéanamh agaibh i dtaobh na mbráthar uile atá san Maiceadóin ar fad. Acht impidhmíd oraibh, a bhráithre, dul ar aghaidh níos dúthrachtaighe ’ná ariamh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ar ndóigh tá grá agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach impímid oraibh, a bhráithre, tuilleadh eile a shíorchur leis,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sin é go díreach atá á dhéanamh agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach táimidne á iarraidh oraibh, a bhráithre, déanamh níos fearr fós,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sin é go díreach atá dá dhéanamh agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach táimidne dá iarraidh oraibh, a bhráithre, déanamh níos fearr fós,