1 Thessalonians 4:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus bhur ndithchioll do dhéunamh ré bheith ciúin, agus re bhur ngnothuighibh féin do dhéunamh, agus ré sáothrughadh dhíbh ré bhur lámhuibh féin, do réir na naitheantadh thugamairne dhíbh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus bheith go dian d’iarraidh bhur saoghal do chaitheamh go síothchánta, agus saothrú le n‐bhur lámhaibh féin, mar d’órduigheamar daoibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus bheith ag tnúth le bhur mbeatha a chaitheamh go socair suaimhneach, agus bhur ngnóthaí a dhéanamh daoibh féin, agus bhur lámha a chur chun oibre, mar a chomhair-líomar daoibh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus é bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus é a bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana.