1 Thessalonians 4:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir a deirmíd so ríbh a mbréithir an Tíghearna, nach rachmuidne an luch atá beó, do fáigeadh go teachd an Tighéarna roimh an luchd atá na gcodladh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir adeirimíd do réir briathar an Tighearna, sinne atá beo, atá fágtha go teacht an Tighearna, nach mbéidh tosach againn ar an dream chodlas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar foilsímid daoibh mar bhriathar ó bhéal Dé, maidir leis an méid againn a fhanfas ina mbeo, a bhíos á bhfágáil go dtí teacht an Tiarna, nach mbeidh an tús againn ar an dream ar thit a suan orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis: