1 Thessalonians 4:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Na dhíaigh sin inne fhúigfighear béon, fuáidéochar súas sinn ma ráon ríusan sna néulluibh, chum teagmhála don Tíghearna sa naíeur: agus mar sin bíam go síorruidhe a bhfochair an Tíghearna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
’n‐a dhiaidh sin tógfar sinne atá fágtha beo i n‐éinfheacht leo ins na néalltaibh chum dul i ndáil an Tighearna san spéir: agus béidhmíd mar sin go síorraidhe i bhfochair an Tighearna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ina dhiaidh sin beidh sinne, a fágadh inár mbeo, dár bhfuadach chun néalta neimhe le dul in airde sa spéir in airicis an Tiarna; agus mar sin beimid i gcuideachta an Tiarna go deo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in araicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo.