1 Thessalonians 5:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithre, aithne do bheith aguibh air an luchd do ní sáothar bhur measg, agus atá ós bhur gcionn sa Dtíghearna, agus theaguisgeas sibh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Impidhmíd oraibh, a bhráithre, cion do bheith agaibh ortha‐san atá ag obair ’n‐bhur measc, iad‐san go bhfuil ceannas aca oraibh san Tighearna, agus bheireas cómhairle bhur leasa dhaoibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach impímid oraibh, a bhráithre, aitheantas a thabhairt dá n-oibríonn in bhur measc mar chinn chreidimh an Tiarna agus mar chomhairleoirí,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Iarraimid oraibh, a bhráithre, ómós a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú go dian in bhur measc agus atá do bhur stiúradh in ainm an Tiarna agus atá ag tabhairt comhairle daoibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Iarraimid oraibh, a bhráithre, ómós a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú go dian in bhur measc agus atá do bhur stiúradh in ainm an Tiarna agus atá ag tabhairt comhairle daoibh.