1 Thessalonians 5:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus guidhemid sibh, a dhearbhráithre, teagusgaidh ná daóine míríaghalta, tugaidh furtachd don lagchroídheach, iomchraidh ris a nanbhfann, bighidh foighideach ris a nuile dhuine.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus iarraimíd oraibh, a bhráithre, tabhraidh rabhadh do na fallsóirí, tabhraidh meisneach do na daoinibh atá lag‐chroidheach, bidhidh mar thaca do na daoinibh atá i n‐ísle bhrighe, bidhidh foighdeach leis an uile dhuine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus mar achainí oraibh, a bhráithre, gríosaígí na falsóirí, tugaigí croí do lucht an chroí mheata, cuidígí leis na laga, agus bígí foighneach leis an uile dhuine acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus a bheith foighneach le cách uile.