1 Thessalonians 5:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tuguidh aire ribh nách déun éinneach olc a naghuidh uilc ar bith; achd leanuidh an mhaith do ghnáth, da bhur dtáobh féin, agus do tháobh na nuile dhaóineadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Féachaidh chuige nach dtiubhraidh aoinneach an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; acht leanaidh i gcómhnaidhe do’n mhaith eadraibh féin agus i dtaobh an uile dhuine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tugaigí aird air nach dtugann aon duine agaibh olc in aghaidh an oilc, ach ag iarraidh leas a chéile agus an uile dhuine a dhéanamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t-olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t-olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.