1 Thessalonians 5:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír an tan déuruid síad, Síothcháin agus neambáoghal; tiucfuidh sgrios obann orrtha an tan sin, mar thig iodhana go mnaói thorruidh; agus ní bhéuruid íad féin as.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nuair adeir na daoine, Síothcháin agus neamh‐bhaoghal, annsin is eadh thig léirscrios obann ortha, mar thagann a pianta ar mhnaoi atá ag iomchar clainne; agus ní rachaidh siad slán as.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bheas na daoine á rá, “Nach socair agus suaimhneach é,” titfidh an scrios tobann orthu mar a thiocfas a haimsir ar an mbean thorrach, agus ní bheidh aon bhealach éalaithe acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bheidh daoine á rá: «Táthar slán sábháilte,» ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bheidh daoine dá rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.