1 Thessalonians 5:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír an dream chodlas is ann sa noidhche chodluid síad; agus an dream ar a mbí misge is an sa noidhche bhíd ar misge.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir na daoine chodlas, is san oidhche chodlas siad, agus na daoine bhíos ar meisce, is san oidhche bhíos siad ar meisce.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar codlaíonn na codlatóirí san oíche, agus téann na pótairí ar meisce san oíche.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Istoíche is ea a chodlaíonn na codlatánaigh agus istoíche a bhíonn na meisceoirí ar meisce.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Istoíche is ea a chodlaíonn na codlatánaigh agus istoíche a bhíonn na meisceoirí ar meisce.