1 Timothy 1:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin beirim buidheachas ris an tí do neartuigh mé, Iósa Críosd ar Dtíghearna, do bhrígh gur mheas sé mo bheith díleas, dom chur sa miniosdralachd;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do‐bheirim buidheachas leis an té thug cumas dom, Íosa Críost ár dTighearna, do mheas gur dhuine iontaobhtha mé, ’gam’ thoghadh le h‐aghaidh a sheirbhíse:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Beirim buíochas leis an té a neartaigh chuige sin mé, le hÍosa Críost ár dTiarna, ó mheas sé go raibh mé dílis nuair a cheap sé mé le bheith i mo fhreastalaí aige,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh a oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó,