1 Timothy 1:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith dhamh roimhe um fhear labhartha blaisphéimeadh, agus um gherleanadóir agus um dhuine eugcórach: achd do rinneadh trócaire oram, ar a nadhbhar gur tré ainbhfios do rinne mé so ar dhíth creidimh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
gidh go rabhas roimhe sin im’ dhia‐mhasluightheoir, agus im’ inghreimtheach, agus im’ scriosaire; acht fuaras trócaire, toisc gur tré ainbhfios agus tré mhí‐chreideamh do rinneas é,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
cé go mbínn roimhe seo ag tabhairt aithise agus masla dó agus ag cur géarleanúna air; ach go ndearnadh trócaire orm as a dhéanamh in aineolas trí dhíchreideamh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
cé go mbínn dá mhaslú agus dá ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus dí-chreidimh a rinne mé amhlaidh.