1 Timothy 1:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin don Rí shíorruidhe, mharrthannach, dhofhaicsigh, don Día atá na áonar éagnuidhe, go raibh onóir agus glóir go sáoghal na sáoghal. Amén.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois do’n Righ síorraidhe, do‐mharbhtha, do‐fheicsiona, do’n Aon‐Dia, go raibh onóir agus glóir go saoghal na saoghal. Amen.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Onóir agus glóir don té atá ina Rí síoraí dofheicthe ó aois go haois, agus nach bhfuil aon Dia ann ach é, choíche agus go deo. Áiméan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Moladh agus glóir do rí na n-aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Amen.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Moladh agus glóir do Rí na n-aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Áiméan.