1 Timothy 1:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Fagbhuim a náithnese agad, a mhic Thimotéuis, do réir na bhfaidheadoieachda do rinneadh ort roimhe só, troid mhaith do dhéunamh dhuit thríotha;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Fágaim é seo mar chúram ort, a Thimóteuis, a mhic liom, do réir na dtarngaire do rinneadh id’ thaobh roimhe seo, chum go dtroidfidh tú an cómhrac maith d’á mbárr;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Fágaim seo mar fhoráileamh ort, a Thimótéus, a mhic, de réir na dtairngreachtaí a bhí dírithe ort, go dtuga siad misneach duit le bheith ag cur an dea-chogaidh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Táim ag tabhairt an fholáirimh seo duit, a Thiomóid, a mhic, foláireamh atá ag teacht leis an bhfaisnéis a thug na fáithe ort fadó, le hionchas go gcuirfeá an cath go cróga dá réir sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Táim ag tabhairt an fholáirimh seo duit, a Thiomóid, a mhic, foláireamh atá ag teacht leis an bhfaisnéis a thug na fáithe ort fadó, le hionchas go gcuirfidh tú an cath go cróga dá réir sin.