1 Timothy 1:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith chreidimh, agus cogúis mhaith agad; noch ar na thréigean do dhruing áirighe do luingbhriseadar fan ccreideamh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ag coimheád an chreidimh agus consiais mhaith; rud atá tréigthe ag daoinibh áirithe go bhfuil long‐bhriseadh déanta de’n chreideamh aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus greim a choinneáil ar chreideamh agus ar dhea-choinsias. Tá siad ann a dhiúltaigh do choinsias agus ar tharla long-bhriseadh dá gcreideamh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Coinnigh an creideamh agus an coinsias glan agat. Mar tá daoine ann a thug cúl lena gcoinsias agus a chuir a gcreideamh ó rath.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Coinnigh an creideamh agus an coinsias glan agat. Mar tá daoine ann a thug cúl lena gcoinsias agus a chuir a gcreideamh ó rath.