1 Timothy 1:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agar ab díobh Himenéus agus Alecsandar; noch tug misi uáim do Shatán, ionnus ar mbeith dhóibh smachduithe go bhfoghlamaidís gan blaisphéime do labhairt.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Daoine dhíobh‐san is eadh Hímenaeus agus Alecsander, daoine do scaoileas le Sátan, chum go múinfidhe dhaoibh gan dia‐mhasladh do labhairt.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ar díobh Haimenaius agus Alastair, ar scaoil mé le Sátan iad le múineadh dóibh staonadh de mhasla a chur ar Dhia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Orthusan tá Himinéas agus Alastar, beirt a thug mé suas do Shátan le súil go múinfí gan Dia a aithisiú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Orthusan tá Himinéas agus Alastar, beirt atá tugtha suas do Shátan agam le súil go múinfear gan Dia a aithisiú dóibh.