1 Timothy 1:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ná aire do thabhairt do chumadóireachd sgéul ná do sheanchusuibh neimhchríochnuighthe, noch bhrosduigheas ceasdanna, ní sa mhó na follamnughadh díagha tre chreideamh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus gan aire do thabhairt d’fhabhlaibh, ná do gheinealachaibh gan chríoch, ó n‐a bhfásann ceisteanna níos mó ’ná riaradh gnó Dé san gcreideamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ná a n-am a chur amú le finscéalta agus le craobhacha ginealaigh, is mó a chothaíos samhlaíocht ná cuireann siad i bhfeidhm smacht cráifeach creidimh Dé;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus gan bheith tugtha d' fhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus gan a bheith tugtha dʼfhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh.