1 Timothy 1:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith a fhios so aige, nach do dhuine cheart órduighthear an dligheadh, achd don druing ainglightheach easúmhal, do dháonibh neamhdhíagha agus do pheacthachuibh, do dháoínibh neamhnáomhtha agus neamhghlana, do luchd fionghuile do dhéunamh ar a naithreachuibh, agus a maithreachuibh, do luchd dúnmharbhtha,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus má thuigeann sé nach do’n duine fíréan do cumadh an dlighe, acht do dhaoinibh míriaghalta, easumhla, do dhaoinibh neamh‐dhiadha agus do pheacachaibh, do dhaoinibh mí‐naomhtha, masluightheacha, do lucht marbhtha aithreach agus máithreach, do dhún‐mharbhthóiribh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
is é sin le rá nár ceapadh an dlí i gcomhair na bhfíréan, ach le haghaidh lucht na héagóra agus na hainrialtachta, le haghaidh an dreama choirpigh éagráifigh, le haghaidh an dreama mhínaofa shaolta, le haghaidh fionghaile athar agus máthar agus dúnmharfóirí
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, d' éagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, mʼéagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí,